Оригинал материала находится по адресу:
www.nuigalway.ie/centre_irish_studies/newsletter.html
Monsignor Pádraig De Brún Lecture 2005
Pictured from Left: Máire Mhac an tSaoi and Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, President, NUI, Galway.
The following is the introductory speech given by the President, Dr Iognáid Ó Muircheartaigh at the Monsignor Pádraig De Brún Lecture, entitled Faisnéis Bhreise ar Phiaras Feiritéar, which was delivered by Professor Máire Mhac an tSaoi in June 2005.
Oscailte an Uachtaráin
Dia dhaoibh go léir agus bhur gcéad fáilte go dtí ceann do mhórócáidí an tsaoil acadúil anseo in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is é sin, Léacht Chuimhneacháin an Mhonsignor Pádraig de Brún. Mar is eol do chuid mhaith agaibh, bhí an Monsignor de Brún ar dhuine de scoláirí móra a linne i mórán réimsí léinn, agus go háirithe i ngort na matamaitice agus i gcúrsaí litríochta agus teanga. Ní hiontas, b’fhéidir, é a bheith go maith chun na sumaí agus Éamon de Valera mar mhúinteoir aige sa mheánscoil!
Bhí an Mgr de Brún ina Uachtarán ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh ó 1945 go dtí 1959 agus ba mhaisiú ar shaol intleachta agus cultúir na cathrach é ar feadh na tréimhse sin. ’Rector Magnificus’ a thug an file Thomas McGreevy air, nuair a cailleadh é ar an 5 Meitheamh 1960. I measc na mbuanna a luaigh McGreevy lena sheanchara, fear a raibh Homer, Sophocles, Dante, Corneille, agus Racine aistrithe go Gaeilge aige, bhí ’an Olympian capacity to appreciate the most exalted works of art and literature, ancient and modern’. Agus í ar leaba a báis, d’iarr an Bhantiarna Gregory ar WB Yeats a rá leis an mBrúnach gur saothar a bhí scríofa aige sin i bpáirt leis an Mgr Boylan, Beatha Íosa Críost, is mó a thug sólás di in am a gátair.
Ócáid neamchoitianta go maith is ea an oíche anocht mar gur iníon deirféar don Mgr de Brún, an file Máire Mhac an tSaoi, a thabharfaidh an léacht dúinn i gcuimhne a huncail Pádraig. Sara dtéim níos faide, ba mhaith liom a gradam nua a thréaslú le Máire atá díreach ceaptha ina hOllamh Oinigh le Léann na hÉireann anseo in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Onóir do chomhluadar na hOllscoile, is ea tú a bheith tagtha inár measc, a Mháire, is go maire tú do theideal is do ghradam nua.
Tá Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de na filí is mó a d’fhág a rian ar fhilíocht na Gaeilge le linn agus i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Tá tábhacht speisialta lena saothar sa mhéid is go mbraitear an guth baineann a fágadh ar imeall an tradisiúin Ghaelaigh leis na cianta á chur féin in iúl os ard agus od íseal ar fud na filíochta aici
Sa dán is cáiliúla dá cuid, ’Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin’, tugtar dúshlán na heaglaise agus an phobail maidir lena dteagasc mórálta i gcúrsaí gnéis:
Beagbheann ar amhras daoine
Beagbheann ar chros na sagart,
Ar gach ní ach a bheith sínte
Idir tú agus falla-
Tá an téagar aigne agus an neamhspleáchas mothála atá le brath ina cuid dánta le haithint chomh maith ina saol poiblí. Ag cur síos dó ar a dírbheathaisnéis, The Same Age as the State¸ dúirt Seamus Heaney: ’there is truth to experience here, a forthrightness about passion and transgression that is thrilling and exemplary’. Sa leabhar sin, tá cur síos neamhbhalbh aici ar an bpáirt a ghlac sí i saol corrach a linne féin in Éirinn agus thar lear. Mar státseirbhíseach agus mar thaidhleoir leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, bhí sí ar dhuine den gcéad thoscaireacht a chuir Éire chuig na Náisiúin Aontaithe. Cé go bhfuil ionraiceas neamhchoitianta le brath sa leabhar tríd síos, is deacair a chreidiúint go bhfuil an fhírinne ghlan á hinsint aici nuair a deir sí gur ’token woman’ a bhí inti sa toscaireacht sin!
Chaith sí tamall ina chargé d’affaires in Ambasáid na hÉireann i Madrid áit ar bhuail sí leis an nGinearál Franco sa Palacio del Oriente. Bhí an teacht le chéile sin ’both baroque and absurd’, adeir sí. Bhí sí sa Chongó aimsir na cinniúna sa tír sin agus tá cur síos fíorchorraitheach aici ar an dtréimhse chontúirteach a chaith sí in Katanga i dteannta a fir chéile, an Dr Conchubhar Crús Ó Briain.
Ní hamháin go bhfuil a hainm in airde mar sin, mar scoláire, agus mar fhile a d’fhág a rian láidir féin ar litríocht na Gaeilge lenár linn, ach bhí páirt lárnach aici i gcuid de na himeachtaí is mó a chlaochlaigh leagan amach polaitíochta na hEorpa agus an domhain mhóir le breis agus leithchéad bliain anuas.
Tá sé ráite go mion minic ag Máire féin i gcaitheamh na mblianta gur fhág na tréimhsí fada a chaith sí i dtigh a huncail Pádraig, Tigh na Cille i nDún Chaoin, a rian láidir ar a saothar filíochta agus ar a cuid tuairimí láidre i dtaobh thraidisiún litríochta na Gaeilge. Tá sé thar a bheith oiriúnach, más ea, gurb é ábhar a cuid cainte anocht, saothar duine de mhórfhilí Chorca Dhuibhne, Piaras Feiritéar. Leis sin, tá nasc beo á dhéanamh idir an taoiseach Gall-Ghaelach sa seachtú haois déag, an matamaiticeoir ildána Pádraig de Brún a d’fhéach le hoidhreacht na hEorpa a cheangal le traidisiún dúchais na Gaeilge agus a cuid filíochta féin atá age baile i gcónaí sa chultúr Gaelach Eorpach a tháinig anuas chuici le hoidhreacht.
Is pléisiúr agus pribhléid in éineacht dom anois iarraidh ar an Ollamh Máire Mhac an tSaoi labhairt linn lena ’Faisnéis Bhreise ar Phiaras Feiritéar’.
From Left: Prof. Tadhg Foley, Chairman, Centre for Irish Studies, Dr Louis de Paor, Director, Centre for Irish Studies, Máire Mhac an tSaoi and Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, President, NUI, Galway